Publication date: September 2012
Publisher: An Gúm
ISBN: 9781857918090
Page count: 35
Price: €4.50
Age group: 0–4
Rannta Beaga
by Siobhán Uí Luachra (Author)
Niall Ó Luachra (Illustrator)
Rannta Beaga is ea an chéad leabhar atá tagtha amach ó pheann Shiobhán Uí Luachra. Is múinteoir bunscoile í agus is léir ó théamaí agus ó fhoclóir na ndánta seo go bhfuil taithí na mblianta aici ag plé le leanaí.
16 dán atá ar fáil, gach uile cheann sáite le híomhánna iontacha réalaíocha. Sa dán ‘Báisteach’ cuireann sí an bháisteach atá ag titim ar dhíon an tí i gcomparáid le “Feairín beag le casúirín ag bualadh aon, dó, trí.” Tá talún faoi leith ag Uí Luachra agus tá bua na samhlaíochta aici. Feictear sampla iontach de seo i ‘Brionglóidí’ agus is é seo an dán is fearr liom sa chnuasach. Léirítear páiste agus é/í, ag dul a choldladh ina “leaba theolaí”. Insítear dúinn go mbíonn turais speisialta agus eachtraí draíochta ag an bpáiste agus é/í ina c(h)odladh so sámh. Dán álainn atá ann agus measaim go bhféadfadh páistí óga ceangal pearsanta a dhéanamh leis an gceann seo ach go háirithe.
Is léaráidí mhac an scríbhneora, Niall Ó Luachra, a théann leis na dánta sa chnuasach seo agus cuireann na pictiúir seo go mór leis an saothar. Íomhánna gleoite geal atá ann a mheallfadh agus a spreagfadh na leanaí óga.
Cnuasach fíor-álainn, fíorthaitneamhach atá sa leabhar filíochta seo. Cruthaíonn an file iontas sna gnáth-rudaí agus cuirfear miongháire ar d’aghaidh agus tú i mbun léitheoireachta.
Rannta Beaga is the first book that has been produced from the pen of Siobhán Uí Luachra. She is a primary school teacher and it is clear from the themes and vocabulary used throughout the poems that she has many years experience working with children.
16 poems are included and each one is steeped in wonderful believable images. In her poem, ‘Báisteach’ Uí Luachra compares the rain falling on the roof to a little man hammering one, two, three with his hammer. The poet has a special talent and has an amazing sense of imagination. An excellent example of this is seen in the poem ‘Brionglóidí’ which is my favourite of the collection. We are presented with the image of a child going to sleep in his/her warm bed. We are told about the special adventures and magic events that happen while he/she sleeps soundly. This is a wonderful poem and I feel that young children would especially be able to relate to this feeling.
The illustrations are those of Niall O Luachra, son of Siobhán Uí Luachra, and add greatly to the success of the work. Lovely bright images go hand in hand with the poetry that would entice and inspire the audience.
Rannta beaga is a beautiful, enjoyable collection of poetry. The writer is able to create wonder in everyday things and each poem brings a smile to your face.
Review by
Freda Ní Mhuileann
This review was published online in
September 2012







