Claire Marie Dunne

s mise Claire Marie Dunne agus scríobhaim chugaibh agus carn mór leabhar os mo chomhair i láthair na huaire. Is faoi mo chúram atá sé anois an scéal a scaipeadh maidir le leabhair nua Ghaeilge atá ar an bhfód, agus mé thar a bheith sásta tabhairt faoin obair nua seo mar eagarthóir Gaeilge ar an irisleabhar Inis. Dea-scéal cinnte do lucht léite na Gaeilge, go háirithe do léitheoirí úra nua óga. Amach anseo, beidh eolas faoi na leabhair mhóra ráchairte a tháinig ó phinn údar ó chian is ó chóngar. Cuirim fáilte Uí Cheallaigh roimh aon aischothú nó aon cheisteanna uaibh am ar bith.

Is cúis áthais dúinn go mbeidh sé ar chumas an tsuímh forbhreathnú a thabhairt ar réimse leathan de leabhair nua Ghaeilge a léireoidh saíocht agus saibhreas na Gaeilge. Agus bua na scríbhneoireachta go smior smeara i meon na nGael, ní mór an deis a thapú aird a dhíriú air seo. Ar an suíomh so, gheobhaidh sibh treoir maidir le haoisghrúpaí a bhfuil an leabhar oiriúnach dóibh, agus freisin roinnt léirmheasanna ar na leabhair féin le cinnte nach gcailleann tú amach riamh ar aon ábhar nua. Ní bheidh aon leithscéal agaibh ach síos le leabhar maith agus seal a chaitheamh ag plé le carachtair nua, le heachtraí spéisiúla agus le friotal agus foclaíocht álainn. Léigí libh!


Claire Marie Dunne
in Inis (43)

Leabhar Mór an Eolais by Máirtín Ó Cléirigh, Colmcille Ó Monacháin agus Caoimhín Ó hÍcí
Léirmheas le Niamh Ní Thuama

Ciclipéid reatha atá cruthaithe ag Oxford University Press agus aistrithe ag Máirtín Ó Cléirigh, Colmcille Ó…

Posted 7 days ago in Reviews

Voces in Artes

Cén chaoi a gcuireann litríocht agus ealaíona na dteangacha neamhfhorleathana le saibhreas na n-ealaíon san Eoraip? An bhfuil…

Posted 10/05/2013 in Blog - Image / Photo

Bleachtaire na Seirce by Daireana Ní Chinnéide
Léirmheas le Beítí Ní Dhuibhir 


Seo an cúigiú cnuasach filíochta ón fhile Chorca Dhuibhne Dairena Ní Chinnéide. Diríonn dánta an chnuasaigh ar…

Posted 30/04/2013 in Reviews

Ór ar Chrann by BERNADETTE NIC AN TSAOIR
Léirmheas le Beítí Ní Dhuibhir 

Sa tríú cnuasach ón bhfile Bernadette Nic An tSaoir tugtar léargas réadúil  nathánach  ar théamaí uilíocha an…

Posted 24/04/2013 in Reviews

Mionteanga, Mórscéalta: An Tríú Comhdháil ar Litríocht agus Chultúr na nÓg
An Tríú Comhdháil ar Litríocht agus ar Chultúr na nÓg


Institiúid Oideachais Marino, Ascaill Uí Ghríofa, Baile Átha Cliath 9…

Posted 18/04/2013 in Blog - Image / Photo

Mairéad agus an Foghlaí Mara by Steve Cannon
Léirmheas le hÚna Breathnach

Níl cumas siúlóide gan maidí croise ag Mairéad. Tá sí ag freastal ar scoil nua ach tá drogall uirthi aghaidh a…

Posted 17/04/2013 in Reviews

Scoil na bPáistí Deasa by Patricia Forde
Léirmheas le Tara Ní Mhidhir

Foghlaí Mara is ea Lísín a bhfuil sé de dhualgas uirthi foghlaithe mara nua a thraenáil nuair a thosaíonn sí ag…

Posted 10/04/2013 in Reviews

Bliain sa Fhrainc by Karen Tazi
Léirmheas le hÚna Breathnach


Seo scéal a leanann eachtraí Emmet i ndiaidh dá chlann aistriú go dtí an Fhrainc de bharr phost a athar. Le linn na…

Posted 3/04/2013 in Reviews

Cogito by Andrew Whitson
Nuair a bhogann cailín óg go dtí áit aisteach nua, tugann sí faoi deara go bhfuil a scáth ar iarraidh. Tumann sí í féin isteach in áit atá rúnd…

Posted 27/03/2013 in Reviews

Turasanna by CLIODHNA CUSSEN
Léirmheas le Beití Ní Dhuibhir

Cnuasach fiilíochta ón bpeann oilte Cliodhna Cussen atá sa leabhar Turasanna. Feictear téama an nadúir, téama na…

Posted 13/03/2013 in Reviews

Walker Éireann agus Litríocht na Gaeilge
Má bhí tú ag dul thar siopa Hodges and Figgis roimh an Nollaig, níorbh fhéidir ach an réimse de theidil spreagúla Ghaeilge a…

Posted 11/03/2013 in Blog - Image / Photo

An Chéad Ghlúin Eile d’Fhilí...
Thug an file iomráiteach Áine Ní Ghlinn faoi cheardlann filíochta le páistí i mBaile Átha Cliath. Tógaigí spléachadh ar an…

Posted 7/03/2013 in Blog - Video

Inis seo dom! by FEARGHAS MAC LOCHLAINN






Léirmheas le hÁine Nic Gabhann

Is leabhar spleodrach é Smuf a thug uchtach dom agus mé á léamh gur féidir litríocht den chéad scoth a chur…

Posted 2/01/2013 in Reviews

Bliain na Gaeilge
Beatha agus sláinte chugaibh! Ta an bhliain nua buailte linn agus bliain speisialta atá inti: Bliain na Gaeilge! Bliain uathúil atá…

Posted 1/01/2013 in Blog - Entry

Scéalta sna Cuilteanna by MARCIA VAUGHAN
Léirmheas le hÁine Nic Gabhann

Bíonn an-spéis go deo ag páistí i bhfinscéalta, go háirithe finscéalta ón nGréig. Is maith an aithne atá…

Posted 21/12/2012 in Reviews

Na Trí Mhíoltóg by Micheál Ó Conghaile