Rogha an Eagarthóra
29/11/2011 by Claire Marie Dunne · No Comments
A chairde! Is mise Claire Marie Dunne agus scríobhaim chugaibh agus carn mór leabhar os mo chomhair i láthair na huaire. Is faoi mo chúram atá sé anois an scéal a scaipeadh maidir le leabhair nua Ghaeilge atá ar an bhfód, agus mé thar a bheith sásta tabhairt faoin obair nua seo mar eagarthóir Gaeilge ar an irisleabhar Inis. Dea-scéal cinnte do lucht léite na Gaeilge, go háirithe do léitheoirí úra nua óga. Amach anseo, beidh eolas faoi na leabhair mhóra ráchairte a tháinig ó phinn údar ó chian is ó chóngar. Cuirim fáilte Uí Cheallaigh roimh aon aischothú nó aon cheisteanna uaibh am ar bith.
Is cúis áthais dúinn go mbeidh sé ar chumas an tsuímh forbhreathnú a thabhairt ar réimse leathan de leabhair nua Ghaeilge a léireoidh saíocht agus saibhreas na Gaeilge. Agus bua na scríbhneoireachta go smior smeara i meon na nGael, ní mór an deis a thapú aird a dhíriú air seo. Ar an suíomh so, gheobhaidh sibh treoir maidir le haoisghrúpaí a bhfuil an leabhar oiriúnach dóibh, agus freisin roinnt léirmheasanna ar na leabhair féin le cinnte nach gcailleann tú amach riamh ar aon ábhar nua. Ní bheidh aon leithscéal agaibh ach síos le leabhar maith agus seal a chaitheamh ag plé le carachtair nua, le heachtraí spéisiúla agus le friotal agus foclaíocht álainn. Léigí libh!
Rogha an Eagarthóra
Is deacair cinnte leabhar amháin a phiocadh thar aon cheann eile, go háirithe nuair is leabhair iontacha iad ar fad ach déanfaidh mé iarracht.
An chéad leabhar a sheasann amach ná leabhar do dhéagóirí: Résheoid leis an údar Doireann Ní Ghríofa. Cnuasach filíochta eile de chuid an údair atá sa saothar seo. Tiocfaidh tú ar mheascán de dhánta ann ina bpléann sí leis an iliomad mothúcháin agus imeachtaí ó dhearcaidh éagsúla. Sáraíonn an fhilíocht teorainneacha ama, inscne agus aoise agus tá sé de bhua ag an bhfile scéalta beatha ó scata daoine a chur os ár gcomhair. Léiriú macánta dílis atá ann ar shaol an duine agus an-fhiúntas sna dánta seo. Faigh cóip agus léigh leat!
Cinn eile nach féidir liom beag is lú a dhéanamh de ná an tsraith de chairde an nádúir le Alejandro Algarra agus Daniel Howarth. Ceithre leabhar atá sa tsraith seo: Seo agat féileacáin, Seo agat seangáin, seo agat beacha, agus seo agat damháin alla. Cuireann gach ceann díobh blaiseadh beag den nádúr atá ar leac an dorais in iúl dúinn. Is i scéal deas simplí a léirítear an tábhacht a bhaineann le gach mionainmhí amuigh sa ghairdín. Cuirfidh páistí spéis sna léaráidí ildaite mar aon leis na heachtraí atá inste ó pheirspictíocht an mhionainmhí féin. Is áis iontach iad na leabhair seo don rang eolaíochta ar scoil nó fiú do pháistí ar mian leo dul ag seilg sa ghairdín cúil.







