Oíche Chultúir: Deis Litríochta do Dhaoine Óga

19/09/2012 by Claire Marie Dunne · No Comments

Tá an tráth sin den bhliain buailte linn arís! Tá Oíche Chultúir ag druidim linn agus neart deiseanna ann seoid litríochta Bhaile Átha Cliath a aimsiú nó a athaimsiú. Beidh fáilte Uí Cheallaigh roimh dhaoine óga in eagraíochtaí Gaeilge don oíche agus gheofar blaiseadh de shaibhreas agus de shaíocht litríocht agus chultúr na Gaeilge. Tugtar cuireadh do dhaoine óga bualadh isteach ar 6 Sráid Fhearchair agus éisteacht le léamh sleachta, chomh maithe le heolas a fháil ar an himeachtaí Gaeilge do dhaoine óga a bheidh ag teacht chun cinn i dteannta le Ógras agus Óg-ógras. Agus an chéad stad eile ar an rian litríochta do dhaoine óga ná An Siopa Leabhar neadaithe faoi Conradh na Gaeilge. Tapóidh an léitheoir craosach an deis seo chun spléachadh a fháil ar na leabhair Ghaeilge is deireanaí. Chun tuilleadh eolais a fháil féach ar www.culturenight.ie .

It’s that time of year again! Culture Night is upon us bringing with it a multitude of opportunities to discover or rediscover the literary gems of Dublin. The doors of Irish-language organisations will be open to young people with an appetite for the richness and wisdom of Irish-language writing and culture. Young people are invited to stop by 6 Harcourt Street and listen to a selection of readings as well as to find out about upcoming Irish-language events for young people that will be hosted by Ógras and Óg-ógras. Another stop on the young people’s literary trail is An Siopa Leabhar nestled beneath Conradh na Gaeilge where you can while away an hour bookworming your way through the latest Irish-language titles. For more information see www.culturenight.ie .